Rinne sé neart oibre fan bhaile i gcónaí ó bhí sé 12 – 18 bliana d’aois. Cuid mhór obair mhóna a bhí siad ag déanamh agus a dhíol. Bhí daoine ag teacht ag ceannach na móna. Ní raibh stáisiún na móna foscailte san am sin, a dhíol go príobháideach a bhíodh siad. Ní raibh ach cúpla duine sa cheantar a raibh leoraithe acu. An obair a bhí le déanamh fan teach aige i gcónaí. Bhí tine le cur síos an chéad rud ar maidin le tae a dhéanamh agus le potaí a bhruith air agus arán le déanamh air. | 00:02:45 | |